
Sa cheacht seo ar chlár bán déantar fiosrú ar na fuaimeanna a dhéanann cnaguirlisí éagsúla. Tugtar deis do pháistí éisteacht leis na fuaimeanna éagsúla, iad a aithint agus a ainmniú agus canadh leo. Baintear úsáid as scéal Na Trí Mhuc Bheaga chun páistí a spreagadh chun fuaimscéal dá gcuid féin a chumadh agus a chur i láthair. Is féidir an ceacht a úsáid ag an Bhonnchéim do theagasc ranga uile nó grúpaí beaga.