
Cuidíonn an ceacht seo ar chlár bán le páistí smaoineamh ar sheanfhoirgnimh agus ar láithreáin stairiúla sa cheantar acu. Is féidir le páistí baile nach bhfuil ann dáiríre a thaiscéaladh agus fiosrú a dhéanamh ar an éagsúlacht atá le sonrú idir seanghrianghraif agus grianghraif nua de dhá bhaile i dTuaisceart Éireann. Is féidir an ceacht seo a úsáid in Eochairchéim a hAon do theagasc ranga uile agus grúpa agus d’obair aonair.